Cuimhneachán Banna Ceoil na Dúchoradh
Tá grianghraif Banna Ceoil na Dúchoradh suite ar Chosán Abhainn Ghaoth Beara.
Sraith cúil (C-D): John Bonner, Peter McDermott, Danny Devenny, Charlie McKelvey, Peter O’Donnell, Joe Ann Bonner, Bernie Houston, Seamus Coll, Jack McKelvey, Francie Doogan, Paddy McHugh, Roddy McElhinney, Patrick Eddie McGeehan, John McKelvey, Josie Bonner, Robert Gillespie
Sraith tosaigh (C-D): Tony McKelvey, Manus Elliot, Sean McElhinney, Willie McGeehan, John Doogan, Dominic McGeehan, Joe McHugh, Paddy Logue
Athbheochan Rathúil
Bhí an chéad chuntas ar Bhanna Ceoil na Dúchoradh sa bhliain 1888 nuair a chuir siad fáilte chun an bhaile roimh phríosúnaigh pholaitíochta ar an Chlochán Liath.
Sheinn go leor de mhuintir an bhaile sa bhanna thar na blianta, le hathbheochan láidir sna 1959. Bhain an banna cliú agus cáil amach ag tógail an chéad áit i gcomórtas bannaí na Rosann ar an Chlochan Liath i 1961, 1963 agus 1964.
Ar na poirt a sheinneadh siad go minic bhí: Auld Lang Syne, Let Erin Remember, Wearing of the Green agus God Save Ireland.
Alt le ball den bhanna, Doiminic Ó Ceallaigh ’Season of Song in the Gweebarra Valley’ a bhí sa Derry Journal, 24ú Márta 1967.
Buíochas le A Chronology of Midwest Donegal
Séasúr Amhrán i nGleann Ghaoth Beara
“Tá sé éachtach agus is tógáil croí é… anseo i ngleann scoite Ghaoth Beara, teanntaithe ag na cnoic arda, ní hamháin go bhfuil traidisiún rómánsach lucht an cheoil a d’eascair ónár n-oidhreacht chultúrtha Gaelach, tugtha ar bord agus caomhnaithe, ach cothaithe go héifeachtach gan staonadh in excelsis, beag beann ar chúrsaí eisimirce a shiúlann céim ar chéim le bánú na tuaithe”.
[Fad saoil d’ár mbuachaillí óga go deo!]
“We are the music makers,
We are the dreamers of dreams:
World losers and world forsakers…
Sitting by desolate streams.”
Alt le ball den bhanna, Doiminic Ó Ceallaigh, Derry Journal, 24ú Márta 1967
