
Tabhair faoi shiúlóid féinthreoirithe d’áiteacha stairiúla thart ar shráidbhaile na Dúchoradh ag baint úsáid as an léarscáil idirghníomhach thíos.
Tá gearrscannáin a cruthaíodh ag achan suíomh san áireamh ar an léarscáil idirghníomhach. Tá grianghraif agus cur síos ar na láithreacha éagsúla uilig ar fáil thíos fosta.
Má tá tú ag taisteal i gcarr, moltar duit stopadh ag Uimh. 1. An t-Iolar Fíréan, ar bharr an aird, sula dtugann tú faoin chosán thart ar an tsráidbhaile.
Léarscáil Idirghníomhach
1. An t-Iolar Firéan – Fáilte
Fáilte chuig tús ‘Cosán Oidhreachta na Dúchoradh. Ag barr Mala na Dúchoradh/Na Casaíocha tá limistéar picnice le radharc iontach ar an ghleann. Tá an dealbh seo d’Iolar Fíréan, cruthaithe ag an ealaíontóir Seán Mac Giolla Easpuig as Dún na nGall agus curtha in airde ag Cumann Forbartha na Dúchoradh, le ceilliúradh a dhéanamh ar na h-iarrachtaí a rinneadh an t- Iolar Fíréan a thabhairt ar ais go ceantar na Dúchoradh sa bhliain 2001. Féach an léarscáil / Fáilte


2. Teach an Oighir
Is struchtúr uathúil cloiche, dhá sheomra Victeoiriach atá i dTeach an Oighir a tógadh as eibhear dearg a cairéalú go háitiúil agus é lonnaithe ar thaobh cnocán beag. Rinne An Marquis Conyngham Teach an Oighir a choimisiniú thart faoin bhliain 1850, go sonrach le hoighear a stóráil. Bhí réimsí ollmhóra den chontae i seilbh Conyngham suas go dtí tús an 20ú haois agus thóg sé bothán seilge in aice láimhe chomh maith. Baineadh úsáid as Teach an Oighir le bradáin a stóráil a ceapadh ar abhainn fhlúirseach Ghaoth Beara – abhainn a raibh cearta eisiatacha ag an Marquis. D’fhéadfadh an oighir maireachtáil suas le 3 bliana i bhfoirgneamh den déanamh seo dá mbeadh sé tógtha mar is ceart. Féach an léarscáil / breis eolais
3. Joseph McKelvey
Saolaíodh é ar an17ú Meitheamh 1898, An Chraobh, Tír Eoghain. Cuireadh chun báis é ar an 8ú Nollaig 1922. Ba as sráidbhaile na Dúchoradh ó dhúchas é athair Joseph, Patrick McKelvey agus d’oibrigh sé i gConstáblacht Ríoga na hÉireann. Tá a áit dhúchais go díreach cúpla slat ó láthair chuimheacháin McKelvey ar an tsráidbhaile. Féach an léarscáil / breis eolais


4. Tobar Shorcha
Go díreach taobh amuigh den tsráidbhaile, ar an chúlbhealach go Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, tá Tobar Shorcha. Deirtear go leigheasann an t-uisce fadhbanna craicinn agus is féidir le daoine oilithreacht a dhéanamh ann le leigheas a fháil daofa féin nó do chara nó do bhall teaghlaigh. Má lorgaíonn siad an leigheas do dhuine diomaite daofa féin, tugann siad leo píosa éadaigh nó rud inteacht eile a bhaineann leis an duine a bhfuil leigheas á lorg acu. Féach an léarscáil / breis eolais
5. An Fháinleog
Tá an dealbh seo ‘An Fháinleog’ leis an ealaíontóir Seán Mac Giolla Easpuig as Dún na nGall, curtha in airde i gcuimhne ar na teaghlaigh sin uilig as na Dúchoradh a chuaigh sa tóir ar shaol úr i gCríocha Mheiriceá, ag súil go bhfillfeadh siad ar a dtír dúchais arís, cosúil leis an fháinleog. Féach an léarscáil / breis eolais


6. Banna Ceoil na Dúchoradh
Bhí an chéad chuntas ar Bhanna Ceoil na Dúchoradh sa bhliain 1888 nuair a chuir siad fáilte chun an bhaile roimh phríosúnaigh pholaitíochta ar an Chlochán Liath. Sheinn go leor de mhuintir an bhaile sa bhanna thar na blianta, le hathbheochan láidir sna 1950idí. Féach an léarscáil / breis eolais
7. Droichead na Dúchoradh
Tagann an t-ainm Doochary ón ainm Gaeilge ‘An Dúchoraidh’ rud a thagraíonn do ‘an dubh charaidh’. Tógadh an chéad droichead thar Inbhear Ghaoth Beara ar an Dúchoraidh sa bhliain 1786. Ba é William Burton Conyngham (1733-1796) a choimisiúnaigh é – duine de mhór thiarnaí talún an réigiún, a rinne go leor feabhsuithe ar an infreastruchtúr áitiúil. Roimhe sin, ba ar bhád farantóireachta an t-aon bhealach le dul trasna Inbhear Ghaoth Beara. Féach an léarscáil / breis eolais


8. Teach Tábhairne Uí hÁnnluain
Tá an múrphictiúr seo leis an ealaíontóir Andrea Redmond ‘Cailleach Moon Cottage’, tiomnaithe do chuimhní cinn faoi Theach Tábhairne Uí hÁnnluain. Bhí an teach tábhairne/ósta á reáchtáil ag teaghlaigh Caulfield agus Uí hÁnnluain le linn an 20ú hAois. Ar thaobh na láimhe clé den bhinse, is féidir leat an coirneál amuigh den tábhairne a fheiceáil go fóill agus ar an talamh tá tíleanna ón urlár taobh istigh. Féach an léarscáil / breis eolais
9. Tionscadal na Cniotála
Le linn deireadh an 19ú haois, bhí clú agus cáil ar na Rosann as na stocaí olla a bhí a gcniotáil ann. Ba chniotálaithe deaslámhacha iad mná na Dúchoradh agus go minic iad i mbun fuala agus iad ag siúl ag an am céanna, – mar a léiríonn an grianghraf seo, i dteach beag bán tréigthe in aice an droichid. Dhíol siad a gcuid ‘píosaí’ le Kennedy of Ardara. D’fhéadfadh úinéir an ghnó ball éadaigh críochnaithe a thaispeáint daofa agus bhí na mná ábalta líon na ngreamanna agus an dearadh a oibriú amach gan aon ghá le patrún. Dhíol muintir Kennedy obair na mban ar aghaidh go Stáit Aontaithe Mheiriceá. Chuir an obair cheardaíochta ealaíonta seo le hioncam na dteaghlach áitiúla. Féach an léarscáil / breis eolais


10. Abhainn Ghaoth Beara
Sa bhliain 1906, thug an Marquis Conyngham iascairí an tsráidbhaile chun na cúirte as a bheith ag iascaireacht ar uisce taoide na abhann idir An Dúchoraidh agus Baile na Carraige, agus é ag éileamh cearta iascaireachta iomlána ar fud an cheantair. Chaill na hiascairí áitiúla an cás agus ordaíodh daofa na costais cúirte a íoc. Mar sin féin, rinne siad achomharc i gcoinne an chinnidh seo san Ard-Chúirt agus bhain siad na cearta iascaireachta daofa féin agus do na glúnta a bhí le teacht. Féach an léarscáil / breis eolais
11. Limistéar Picnice
Tá limistéar picnice agus gairdín dúlra ar an taobh Thoir Theas den sráidbhaile le tábla picnice atá oiriúnach do chathaoireacha rotha agus binsí le haoibhneas a bhaint as radharc Abhainn Ghaoth Beara. Ón áit seo, is féidir Eaglais Naomh Conal a fheiceáil trasna na habhann agus sult a bhaint as na cláraí eolais faoi Iascach na mBradán. Féach an léarscáil / breis eolais


12. Dónal Mac Diarmada
Múrphictiúr ‘File Ghaoth Beara’, i gcuimhne an fhile agus an fear poist Dónal Mac Diarmada leisi an ealaíontóir Andrea Redmond ó Cailleach Moon Cottage. Tá an múrphictiúr le feiceáil ar thaobh theach Mhic Diarmada. Féach an léarscáil / breis eolais
13. Eaglais Naomh Conal
Tógadh Eaglais Naomh Conal faoi stiúir an tAthair Ó Scannláin sa bhliain 1896. Leis an obair a mhaoiniú, gearradh cáin ar achan teach sa pharóiste agus íocadh é de réir luach an tí. Bhí ar dhuine ar bith a raibh capall agus cairt aige, seachtain dá gcuid ama a thabhairt don tionscadal, ag cartáil clocha mar shampla, agus bhí ar achan fhear cumasach, 26 lá a chur leis an obair. Tá an leabhar go fóill ag an Eaglais, a bhronn Tiarna Mhaigh Eo ar an tiarna talún áitiúil, don searmanas oscailte ar Lá Fhéile Pádraig, 1897. Féach an léarscáil / breis eolais

