Dónal Mac Diarmada

Dónal Mac Diarmada – Gaoth Beara na dTonn

Tá an múrphictiúr seo ar thaobh theach Dhónail Mhic Diarmada, atá suite ar an bhealach i dtreo Dhoire Leac Chonaill. 

Donal Mac Diarmada
Dónal Mac Diarmada – File Ghaoth Beara, Múrphictiúr le Andrea Redmond, Cailleach Moon Cottage 

File agus Fear Poist Ghaoth Beara

Chuaigh Dónal isteach sa tseirbhís poist mar oibrí faoisimh ar an lá a thiontaigh sé 17 bliana d’aois agus tá sé ráite nár chaill sé lá ariamh ag a chuid oibre. D’obrigh sé mar fhear poist i nDún na nGall ar feadh 58 bliain agus ba é an fear poist ab fhaide seirbhíse in Éirinn nuair a d’éirigh sé as i 1964. 

Chum sé go leor amhrán agus dánta lena n-áirítear Báthadh Árainn Mhóir, Gaoth Beara na dTonn agus My Own Gweebarra Bay.  

Gaoth Beara na dTonn

le Dónal Mac Diarmada – Tras-scríofa ag Nábla Nic Amhlaidhé ó bhéal Dhónail féin ó Bhailiúchán na Scol, Duchas.ie


Gaothbharra na dTonn

Tá gealach na gConnlach
Ag éirighe sa’n spéir
‘S grian bhuidhe an Fhoghmhair
Ag tomadh sa mhuir
Tá na beachogaí dranndan
Faoi’n sean duilleabhar donn
Gaothbharra na g-coillte 
Gaothbharra na dtonn

Tá na buaibh óg ag geimnidh
‘Nuas molaidh Cró-laoigh
‘S na caoirigh ag eala
Le druidim na h-oidhche
Tá geal-ghair na srúchain
Fá’n sgreigeach anonn
Gaothbharra na gcoillte
Gaothbharra na dtonn

A ghleanntan beag dhilis
Mo ghradh thú go deo
Sean- fharus na naomh
Anns na laethibh fadó
Aith-chomhnuidhe na ndaoine
Raibh rath air a gcloinn
Gaothbharra na gcoillte 
Gaothbharra na dtonn

Ó ní dheanfainn-se margadh
Le Tighearna Mhuigheó
Dá dtabhairfeadh sé caisleán
Ar mhalairt mo chró
Na bfearr liom mo dhileacht
Gan dídean, gan bonn
‘Measg Gaothbharra na gcoillte
Gaothbharra na dtonn

Ann a srúth uisge ceolmhar
Tá’n bradan ag sgeith
‘S thart fá na h-imeall
Tá ‘n laóigh óg ag breith
Thig na h-eala na sgaoi ann
An trudog san lon
Mar tá dídean, gan doicealt
Fá ghaothbharra na dtonn

Taobh shoir do, tá Sliabh Sneacht
Ag nochtughadh a ceann
Mar cheannphort na tíre
Ar Thoiseach na bFiann
Tá fallain gheal airgid
Thart timcheall a broinn
‘S ag deallrughadh anuas
Ar Gaothbharra na dtonn