Teach a’ Chníotálaí
Tá an teach seo ar an taobh thall de Dhroichead na Dúchoradh, trasna ó mhúrphictiúr Theach Tábhairne Uí hÁnnluain.
Stocaí ar Díol
Le linn deireadh an 19ú haois, bhí clú agus cáil ar na Rosann as na stocaí olla a bhí a gcniotáil ann. Ba chniotálaithe deaslámhacha iad mná na Dúchoradh agus go minic iad i mbun fuala agus ag siúl ag an am chéanna, – mar a léiríonn an grianghraf (thuas) i dteach beag bán tréigthe in aice an droichid. Dhíol siad a gcuid ‘píosaí’ le Kennedy of Ardara. D’fhéadfadh úinéir an ghnó ball éadaigh críochnaithe a thaispeáint daofa agus bhí na mná ábalta líon na ngreamanna agus an dearadh a oibriú amach gan aon ghá le patrún. Dhíol muintir Kennedy obair na mban ar aghaidh go Stáit Aontaithe Mheiriceá. Chuir an obair cheardaíochta ealaíonta seo le hioncam na dteaghlach áitiúil.
Sular tógadh Droichead Ghaoth Beara ag Leitir Mhic an Bhaird ag deireadh an 19ú haois, chuir mná an Chlocháin Léith a mbeatha i mbaol agus iad ag iarraidh a mbealach a dhéanamh chun an mhargaidh sna Gleannta lena gcuid earraí cniotáilte. Achan choicís, d’fhágadh siad a gcuid tithe le bánú an lae le tabhairt faoin tsiúlóid fhada go dtí na Gleannta. Ina úrscéal The Rat-Pit, déanann an t-údar Patrick MacGill cur síos mar a d’fhanadh na mná le lag trá sula rachadh siad trasna Inbhear Ghaoth Beara le teann eagla lena gcuid ábhar lámhchniotáilte sínte os a gceann agus a gcuid sciortaí craptha suas agus iad ag déanamh a mbealach isteach san uisce sioctha.
