Iascaigh Bradán

Teach an Oighir 

Tá stair ársa iascaireacht bradán sa cheantar seo, agus le forbairt an iarnróid, bhí deis iasc a sheoladh níos faide ó bhaile. Bhí pobail cosúil le pobal na Dúbhchoradh ag brath ar iascaireacht bradán mar phríomhfhoinse ioncaim agus bia, agus bhíodh baill teaghlaigh ina n-iomláine páirteach i bh’fhómhar shéasúrach na mbradán. Chiallaigh an modh caomhnaithe a bhí in úsáid i dTigh an Oighir go bhféadfaí iasc a chaomhnú le haghaidh a sheolta ar feadh tréimhsí níos faide, mar go bhféadfadh an t-oighear fanacht reoite suas le 3 bliana trí an t-iasc a leagann síos idir shraitheanna cocháin.

Teicnící Iascaireachta 

Cumhdaíonn iascaireacht thraidisiúnta bradán in Éirinn teicnící éagsúla. Tá iascaireacht le heangacha ar cheann de na dóigheanna is sine. Is é sin, eangacha a chur trasna aibhneacha nó inbhir le bradáin imirceacha a cheapadh. Rinneadh na heangacha seo go minic as snáithíní nádúrtha cosúil le cnáib nó línéadach agus iad déanta go cúramach ag ceardaithe oilte agus curtha le cruinneas, le líon na mbradán a cheapfaí a mhéadú agus an tionchar ar an chomhshaoil a laghdú.  


Chomh maith le heangacha agus slataiscaireacht (iascaireacht le slat agus ruaim), baineadh úsáid as gaistí éisc thraidisiúnta ar a dtugtar ‘geataí éisc’ le bradáin a cheapadh in aibhneacha agus i srutháin. Is éard atá sna struchtúir seo ná, bacainní adhmaid nó cloiche a threoraíonn sruth an uisce, leis na bradáin a threorú isteach i limistéir ghabhála san áit go bhféadfaí iad a cheapadh go furast. Bhí na coraí suite in aice le droichead an tsráidbhaile.  

Bua na hAbhann

Sa bhliain 1906 d’éiligh iascairí an tsráidbhaile a gcearta dúchasacha le hiasc a cheapadh ar an phíosa den abhainn idir An Dúbhoraidh agus Baile na Carraige. Thug Marquis Conyngham ‘na cúirte iad. Bhí an Marquis ag maíomh go raibh na cearta iascaireachta iomlána ar an phíosa sin den Ghaoth Beara aige féin. Nuair a héisteadh an cás sna Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath i bhFeabhra 1906 chaill muintir na háite agus ordaíodh daofa na costais a íoc. 


Ach, ina dhiaidh sin, rinne siad achomharc agus bhain siad a gcás agus gearradh costais shuntasacha i gcoinne an tiarna talún. Nuair a tháinig scéala faoin bhua, rinne muintir na háite ceiliúradh le tinte cnámh ar na cnoic le neart damhsa agus ceol beo a bhí á sheinm ag an bhanna ceoil áitiúil. Lean teaghlaigh áitiúila orthu ag iascaireacht, ag pacáil na mbradán i bhfeagacha glasa le seoladh ar leoraí go Leitir Ceanainn, áit ar cuireadh ar thraein Bhaile Átha Cliath iad. 

Ar feadh na mblianta fada rinneadh comóradh bliantúil ar “Bua na hAbhann” ar an 29 Meitheamh le tinte agus fliúiteanna agus amhránaíocht Ghaelach go dtí gur tharraing téamaí níos corraithí, amanna níos corraithí – bíodh sé maith nó olc. Ach beidh cuimhne ar na triúr fear buanseasmhacha sin (duine acu imithe ar shlí na fírinne cheana féin) ar feadh fada go leor, faoi chomaoin ag tuataigh saortha Ghleann Ghaoth Beara.

‘Give Back Gweebarra’, alt le Doiminic Ó Ceallaigh a bhí sa Derry Journal, 22ú Eanáir 1937.

Limistéar Picnice agus Taispeántas Iascaigh

Tá taispeántas faoi Iascaigh na mBradán le fáil ag an limistéar picnice ar chosán Abhainn Ghaoth Beara