Dealbh Joseph McKelvey
Ba é an t-ealaíontóir Seán Mac Giolla Easpuig a chruthaigh Dealbh Joseph McKelvey. Is féidir é a aimsiú i lár shráidbhaile na Dúchoradh, ar thaobh na láimhe clé de Theach an Oighir.

Dúchas Joseph McKelvey, An Dúchoraidh
Rugadh é ar an seachtú lá déag Meitheamh 1898, i mBaile Stíobhard, Tír Eoghain agus cuireadh chun báis é ar an ochtú Nollaig 1922.
Ba as Sráidbhaile na Dúchoradh ó dhúchas d’athair Sheosaimh, Patrick McKelvey. D’oibrigh sé i gConstáblacht Rioga na hÉireann. Tá a áit dhúchais slat ón gcuimhneachán.
Ceannfort-Ghinearál Joseph McKelvey, Óglaigh na hÉireann
Ba chainteoir líofa Gaeilge é Joseph McKelvey a raibh suim mhór aige i gcultúr agus i spóirt na hÉireann. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí fhó-chumann O’Donovan Rossa de chuid CLG in Iarthar Bhéal Feirste i 1916. Rinne sé staidéar mar chuntasóir, ag obair ar feadh tamaill san Oifig Cháin Ioncaim i mBéal Feirste, ach díbríodh as a phost é trí imeaglú Dílseach.
Chuaigh sé le Bráithreachas Phoblacht na hÉireann agus le hÓglaigh na hÉireann chomh maith. Bhí sé gníomhach i gCogadh Saoirse na hÉireann ó 1919 -1921, agus é i gceannas ar 1ú Cathlán Béal Feirste de chuid an IRA. Dhó sé féin agus Óglaigh eile Oifig Chánach Bhéal Feirste i dTeach an Chustaim agus dhá Oifig Chánach Ioncaim eile i mí Iúil 1920.
I mí an Mhárta 1921, ceapadh é ina Cheannasaí ar an Tríú Rannán Thuaidh a bhí freagrach as Béal Feirste, Contaetha Aontroma agus an Dúin. I measc cheannaireacht Bhéal Feirste, ba é féin amháin a dhiúltaigh don Chonradh Angla-Éireannach, a shínigh Mícheál Ó Coileáin. D’fhág sé a cheannasaíocht i mBéal Feirste agus chuaigh sé isteach sna fórsaí Frith-Chonartha i mBaile Átha Cliath agus toghadh é ina Cheann Foirne Feidhmiúcháin an IRA i mí an Mhárta 1922.
Bhí McKelvey airdeallach go rímhaith faoina oidhreacht dhúchasach ón anDúchoraidh. Daoine eile a throid gualainn ar ghualainn leis—mar an Captaen Mánus O’Baoill, ó Dhún na nGall, thagair siad dó mar ‘Fear Dhún na nGall’.
I mí Aibreáin 1922, chuidigh sé le ceannasaíocht a ghlacadh ar fhorghabháil na Ceithre Cúirteanna ar neamhchead do Shaorstát Éireann. I ndiaidh dhá lá de throid thíoranta, inar buamáladh an foirgneamh, gabhadh McKelvey agus cuireadh i bpríosún é i bPríosún Mhuinseo i mBaile Átha Cliath agus cuireadh faoi choinneáil é ar feadh cúig mhí.
Ar an 8ú Nollaig 1922 ag a 9 a chlog ar maidin, cuireadh chun báis é mar dhíoltas ar scaoileadh an TD Sean Hales. Maríodh McKelvey trí scuad lámhaigh i gcuideachta triúr Poblachtánach Frith-Chonartha eile: Liam Mellows, Rory O’Connor agus Richard Barrett. Níor maraíodh McKelvey ar an toirt leis an chéad rois piléar agus b’éigean é a scaoileadh arís. Ag 23 bliana d’aois, bhí McKelvey ina cheannaire a raibh ard-mheas ag an dá thaobh air agus glacadh go holc lena bhás. Rinneadh é a adhlacadh i Muinseo ach ina dhiaidh sin rinneadh é a ath-adhlacadh i láthair uaighe Phoblachtach i reilig Bhaile an Mhuilinn. Níl a uaigh ach cúpla slat ó uaigh a athar, Pádraig.
