Is dealbh chuimhneachán é ‘an Fháinleog’ leis an ealaíontóir Seán Mac Giolla Easpuig i gcuimhne diaspóra na Dúchoradh. Tá sé suite ar Chosán Abhainn Ghaoth Beara.
Eisimirce na Dúchoradh: An Ceangal le hOirthuaisceart Pennsylvaniaia
Jack McGeehin
Ar shiúlóid Oidhreachta na Dúchoradh thcífidh tú dealbhóireacht d’fháinleog ag eitilt amach as na toir le cois Abhainn Ghaoth Beara. Thiomnaigh an t-ealaíontóir, John Gillespie ó Rann na Feirste, a shaothar, “i gcuimhne ar na teaghlaigh sin uilig ón Dúchoraidh a chuaigh ar thóir saol úr i Meiriceá agus iad ag súil go bhfillfeadh siad ar a mbaile dúchais arís, go díreach mar a dhéanfadh an fháinleog.”
Chuaigh go leor de mhuintir na Dúchoradh, i gcuideachta a gcomharsana as na bailte máguaird, ar imirce go Meiriceá le héalú ón bhochtaineacht, ón leatrom agus ó ghorta le linn an naoú haois déag. Agus tháinig go leor de na heisimircigh sin i dtír in Pennsylvania — céatadán mór daofa go hoirthuaisceart an stát, áit a bhfuair siad obair i dtionscadal mianadóireachta guail. Shocraigh siad síos i gcathracha a bhí faoi bhoradh ag an am mar shampla: Wilkes-Barre, Scranton, Mauch Chunk (Jim Thorpe) agus Hazleton, chomh maith le bailte beaga, taobh leis na mianaigh guail, mar Ebervale, Beaver Meadows, Freeland, Eckley, Summit Hill, agus Coaldale.
Lean an nasc seo le léarscáil thagartha de réimsí guail oirthuaiscirt Pennsylvania a fheiceáil.
Bhí sé deacair ag imircigh Dhún na nGall an ‘saol úr’ ina raibh siad ar a thóir, a bhaint amach in Pennsylvania. Ba obair chrua agus dhainséaireach é an mhianadóireacht. Go ró-minic, is tinneas agus saol gairid a bhí mar thoradh ar. Ní raibh mórán difear idir a máistrí úra agus na tíoránaigh a d’fhág siad ina ndiaidh in Éirinn. Fágadh na mianadóirí seo bocht agus rinneadh leathcheal orthu mar gheall ar a gcultúr agus a gcreideamh. Is cinnte go raibh amhras ar mhórán de na himircigh úra, faoi cé acu an raibh an cinneadh ceart déanta acu, aghaidh a thabhairt ar an saol úr seo.
Go hadhúil mar sin féin, níor ghlac sé ach glúin nó dhó den chine chróga, dhúthrachtach seo a ndroim a thabhairt don mhianadóireacht agus aghaidh a thabhairt ar shaol níos fearr.
In aineoinn na ndeacractaí a bhí rompu ag tabhairt aghaidh ar an choigríoch, lean glúnta de mhuintir na Dúchoradh leo a fhad le hOirthuaisceart Pennsylvania go háirithe idir 1850 agus 1900. Tugtar ‘Imirce shlabhraigh’ ar chóras imirce a eascraíonn ó imirce leanúnach, bunaithe ar fhocal béil agus tacaíocht ó bhaill teaghlaigh a d’imigh ar imirce roimpu. Corruair, agus úinéirí na mianach ar lorg oibreannaí ar phraghas íséal, rachadh siad i gcomhairle le lucht na mbád le pasáiste in aisce a chur ar fáil daofa go Nua Eabhrach nó go Philadelphia. Tá sampla maith de ‘Iimicre shlabhraigh’ ón Dúchoraidh le tabhairt faoi deara i gCathair Hazleton agus Pennsylvania. Bhí an daonra ó Dhún na nGall idir fhir agus mhná i Hazleton chomh tiúbh sin is gur tugadh ‘Donegal Hill’ mar leasaimn ar an chomharsanacht. Tógadh Teach Pobail Chaitliceach na cathrach – Naomh Gabriel agus an reilig ar ‘Donegal Hill’ (St Pius of Pietrelcina) a thugtar anois ar.
Ag fanaíocht tríd an chuid is sine de reilig St. Gabriel agus tú ag amharc ar na tumbaí, d’fhéadfá a shamhlú go raibh tú ar ais in iarthar Dhún na nGall ag siúl tríd reilig i Leitir Mhic an Bhaird, An Clochán Liath ná Baile ná Finne. Dar leis an ginealeolaí John Gresham, go bhfuil: Ó Gallchóír, Ó Dochartaigh, Ó Domhnaill, Ó Baoill, Mac Lochlainn, Ó Ceallaigh, Mac Daibhéid, Mac Suibhne, Mac Pháidín agus Mac an Bhaird ar na 10 sloinne is coitianta i nDún na nGall. Tá iomlán na sloinnte seo le feiceáil i reilg St. Gabriel i gcuideachta chóir a bheith achan shloinne eile atá coitianta i nDún na nGall inniu agus i bhfad siar.
Is fianaise mhaith é an sloinne teaghlaigh McGeehin/McGeehan, atá ar fáil ar mhórán de na tumbaí, mar chás-staidéar i sríbhinn, ar an ‘Imirce Shlabhraigh’ idir cheantar na Dúchoradh agus Hazleton. D’athlonnaigh baill de thart fá 20 teaghlach de chuid McGeehin/McGeehan go Hazleton agus chuig na bailte beaga máguaird i lár agus siar go deireadh an 18ú haois. Bunaithe ar fhianaise atá ar fáil tríd thaifid úinéireachta talaimh, daonáirimh, ailt pháipéir nuachtáin, annála breithe/pósta/báis, agus próifiliú DNA, is féidir mórán de na teaghlaigh seo ó oirthuaiscirt Pennsylvania a cheangal go díreach lena mbailte dúchais i nDún na nGall.
Léiríonn na pionnaí gorma ar an léarscáil thíos, áit chónaithe theaghlach McGeehin/McGeehan óna laetha a thug a muintir mhuirneach aghaidh ar Mheiriceá. I gcásanna ar leith tá eolas chruinn ar an bhaile fearainn agus an teach féin. I gcásanna eile nuair nach bhfuil taifid chruinn ar fáil, is féidir a ghabháil i muinín (béaloideas/ginéalaigh teaghlaigh, scéalta ó sheandaoine an phobail & rl) le ceangal a aimsiú idir theaghlaigh ar bhonn theoiriciúil. Cliceáil ar na pionnaí ar an léarscáil le haghaidh a thuilleadh eolais.
Tabhair faoi deara congaracht theaghlaigh McGeehin/McGeehan ar an léarscáil. Bhí cónaí ar a mbunús fá chúig mhíle ón Dúchoraidh. Siúlóid furast lae, anonn agus anall. Ba chomharsana iad na teaghlaigh seo agus iad pósta fríd a chéile in iarthuaiscirt Dhún na nGall agus in oirthuaiscirt Pennsylvania.
Léríonn ráiteas John Gillespie ag dealbh na fainleoige, léiríonn sé dóchas na dteaghlach a bhí fagtha, “go bpillfeadh a muintir mhuirneach ar a dTír dhúchais arís.” Tá tagairt déanta ar an léarscáil, do bheirt a rinne sin go díreach: Neil McGeehin a phill chun an bhaile le bheith i gcuideachta a mháthair a bhí ag gabháil in aois; agus Joseph Given, nia le Bridget agus Hannah McGeehan a phill le lámh chuidigh a thabhairt da chuid aintíní leis an fheirm teaghlaigh a choinneáil ar siúl i ndiaidh da n-athar bás a fháil.
Rinne McGeehin iomráiteach eile an turas ar ais go hÉirinn agus rinne sí amhlaidh níos mó ná uair amháin. Fannie McGeehin a b’ainm di, iníon le Daniel McGeehin agus Bridget Boyle as Doire Leac Chonaill Thuaidh. De réir seanchas an teaghlaigh, dúradh gur thrasnaigh Fannie (a bhí ina searbhónta i dteach in aice le Philadelphia, Pennsylvania) an t-aigéan ceithre huaire is fiche nó níos mó. Is cosúil gur áibhéileach an uimhir sin, ach is iomaí taifead den ainm Fannie McGeehin atá le feiceáil ar liosta paisinéirí ag fágáil agus is pilleadh go hÉirinn. Is doiligh bean óg a shamhlú ag tús an chéid an dhéanamh an turais chontúirteach sin arís agus arís eile. Léiríonn a taifead báis in 1931 go bhfuair sí bás i nDoire Leac Chonaill Thuaidh. Bhí a deartháir Peadar léi i ndeireadh a saoil.
Gan amhras, b’amhlaidh scéalta imirce shlabhraigh chlann McGeehin/McGeehan ó réigiún na Dúchoradh agus cuid mhór teaghlaigh eile chomh maith. Is ceart a rá gur beag teaghlach a d’éalaigh ó chrá croí ó mar gheal ar bhall den teaghlach (nó níos mó) ag fágáil an bhaile le saol úr a bhaint amach ar an choigríoch – aithreacha agus máithreacha, deirfiúracha agus deartháireacha, col ceathracha agus cairde, sa bhaile lá amháin ach ar shiúl lá arna mhárach. Faraor, mar gheall ar chailleadh taifed thar na blianta, tá a gcuid scéalta ag dul chun dearmaid. B’fhéidir go spreagfaidh an chuntas ghairid seo daoine eile lena gcuid eolais a roinnt ionas go mbeidh scéalta a ngaolta beo do na glúnta atá le teacht.
McGeehin & McGeehan, beirt de bhunadh an teaghlaigh céanna, i gcré na cille, taobh le taobh i reilig St. Gabriel’s. Sa chúlra tá Edward McGeehin, nia le James McGeehan atá sa tumba chun tosaigh.
Buíochas: Ní fhéadfaí an t-alt a chur i láthair gan cuidiú ó mhórán daoine – baill teaghlaigh agus col ceathracha i gcéin, seanóirí an bhaile, cartlannaithe, leabharlannaithe agus stainséirí i dtigh an óil fiú – a bhfuil a ngrá do chúrsaí ginealais agus eolas faoi sheanchas teaghlaigh fite go dlúth in achan fhocal sna leathanaigh seo.