Peileadóir agus bainisteoir peil Ghaelach is ea Déaglán Ó Cnáimhsí a rugadh i 1965. Bhí sé ina bhall d’fhoireann Chontae Dhún na nGall a bhain an 105ú Craobhchomórtas Sinsir na hÉireann sa Pheil i 1992, nuair a bhuail Dún na nGall foireann Bhaile Atha Cliath le 4 phointe.
A bhuíochas do dheartháir Dhéagláin – Aodhán Ó Cnáimhsí as an teistiméireacht agus na grianghraif seo a chur ar fáil:
Clann Uí Chnáimhsí
Dé Domhnaigh an 20 Meán Fómhair 1992 a bhí ann. Bhí Co. Dhún na nGall báite i nglas agus in ór. Ach caidé an chúis? Bhí foireann sinsir peile fear Dhún na nGall’ i gCluiche Ceannais na hÉireann don chéad uair, ag imirt in éadan Bhaile Átha Cliath le haighaidh an duais a santaítear – Corn Mhig Uidhir. Do mhuintir na Dúchoradh, lá speisialta a bhí ann mar go raibh duine dá gcuid féin, Déaglán Ó Cnáimhsí, iar-dhalta ó Scoil Náisiunta na Dúchoradh, ina bhall den fhoireann. Cé go raibh 4 deartháireacha Dhéagláin: Seán, Micheál, Dónal agus Aodhán i mBaile Átha Cliath le tacaíocht a thabhairt dá ndeartháir agus d’fhoireann Dhún na nGall, d’fhan tuismitheoirí bródúla Dhéagláin, Bridie agus Dan, sa bhaile leis an chluiche a choimeád le gaolta agus comharsana. Bhí brionglóid fad saoil ag titim amach os comhair shúile Dan.
C go D: Déaglán, Aodhán, Dan, Dónal, Micheál agus Seán (ag bun) Ó Cnáimhsí le Corn Mhig Uidhir
Agus sin mar gheall gur óna athair a fuair Déaglán a phaiseán don chluiche ar dtús. Rugadh Dan i mbaile fearainn An Choimín, taobh amuigh de na Dúchoradh. Bhí Dan ar dhuine clainne d’ochtar. Ba iad Seán Ó Cnáimhsí agus Bríd bn. Uí Chnáimhsí a thuismitheoirí. Bhí máthair Dan ina deirfiúr leis na scríbhneoirí aitheanta Séamus, Seosamh agus Seán Bán Mac Grianna ó Rann na Feirste. D’fhreastail Dan ar scoil na Dúchoradh lena dheartháireacha agus a dheirfiúracha agus ina dhiaidh sin chuaigh sé go Meánscoil na nGleanntach. Ba i scoil na nGleanntach a tháinig múinteoir chuige lena thriail ar fhoireann na scoile. Níor imir sé riamh roimhe sin, ach d’aontaigh sé go drogallach agus bhain sé áit amach do féin ar an fhoireann, rud a chothaigh a ghrá don pheil.
Chuaigh Dan ar aghaidh le himirt ar fhoireann shinsir an Chlochan Léith, áit ar bhain sé dhá bhonn craoibhe i 1957 & 1958 (b’é seo an uair dheireanach a bhain an Clochán Liath an Craobh Sinsir) agus bheadh Dan fosta le bheith ina imreoir iomráiteach lánchúlaí le foireann sinsir Dhún na nGall. I ndiaidh dó éirí as an pheil, bhuail Dan le Bríd, bean den sloinne chéanna as Doire Sheanaigh. Phós siad i 1962 agus chuir siad fúthu i Doire Sheanaigh áit ar thóg siad a gcuigear mac. Tógálaí aitheanta ab ea athair Bhrid sa cheantar, Pádraig Ó Cnáimhsí, a raibh lámh aige i dtógáil Halla Naomh Bríde i Leitir Mhic an Bhaird. Ba as Leitir Mhic an Bhaird máthair Bhríd – Mary.
Níor mhaolaigh grá Dan don CLG agus rinne sé bainistíocht ar an chlub áitiúil Na Rossa agus ar fhoirne faoi aois éagsúla i gcaitheamh na mblianta. Cé nár bhrúigh sé a ghrá don chluiche ar a chúigear mac ariamh, tháinig sé abhaile óna chuid oibre tráthnóna amháin le liathróid ina lámh agus scaoil sé trasna an urláir é i measc a chuid mac. Cuireadh tús leis an chéad chluiche CLG leis na gasúraí in iomaíocht ghéar le haghaidh na liathróide. Ón bhomaite sin ar aghaidh, ní raibh an teach gan liathróid.
Na deartháireacha Uí Chnáimhsí(C go D) Seán, Aodhán, Déaglán, Dónal agus Micheál i ndiaidh daofa an Cluiche Ceannais Idirmheánach a bhaint i 1989
Blianta ina dhiaidh sin, bheadh an chúigear deartháir ar fhoireann Na Rossa a bhain a gcéad chluiche ceannais peile Idirmheánach i 1989. Bhí bród ar Dan nuair rinne a mhac is sine, Seán, agus Déaglán, amhlaidh leis féin trí áit a bhaint amach ar Fhoireann Shinsir Dhún na nGall.
Bhí sé níos bródúla arís ar an lá grianmhar sin i mí Mheán Fómhair, agus na foirne ag dul chun páirce i bPáirc an Chrócaigh do Chluiche Ceannais na hÉireann. Ní raibh aon duine taobh amuigh de Dhún na nGall ag tabhairt seans daofa in éadan Bhaile Átha Cliath, ach in ainneoin sin bhain Dún na nGall leis an scór 18 in aghaidh a 14. Agus cé a scórail an pointe deireanach sin? Tá sé leat, Déaglán Ó Cnáimhsí Dhoire Sheanaigh agus an Dúchoraidh. Do dheartháireacha Dhéagláin a bhí ag an chluiche agus dá thuismitheoirí, dá theaghlach agus dá chairde sa bhaile, bhí an bród agus an lúcháir gan teorainn.
Is beag a shíl Dan an tráthnóna sin blianta fada roimhe sin, agus é ag cur na liathróide i measc a chúigear mac óga go mbeadh sé ina shuí ag coimheád ar dhuine acu ag ardú corn cháiliúil Chorn Mhig Uidhir. Agus rud eile a chur go mór leis an lá, ba é an 20ú Meán Fómhair lá breithe Dan.